about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Acheson, Anne

click to view fullsize



Anne Jane Crawford Acheson, (1882-1962)

Dealbhóir a theilg a lán dá saothar i luaidhe agus a raibh a lán dá dealbha ceaptha le haghaidh gáirdíní agus scairdeáin. Dealbha de pháistí a bhí i gcuid acu. Phéinteáil sí pictiúir chomh maith.

Rugadh Jane Crawford Acheson i bPort an Dúnáin. Cuireadh scolaíocht uirthi i Victoria College i mBéal Feirste. Cé go raibh spéis aici san ealaín bhain sí céim amach sa litríocht in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus d’imigh léi ina múinteoir. Chas sí timpeall ina saol ina saol agus d’fhreastail sí ar an Belfast School of Art ar dtús agus ar an Royal College of Art thall i Londain. Rinne sí staidéar ar an ndealbhóireacht sa scoil sin faoi mhaoirseacht Edouard Lanteri (1848-1917).

D’fhan sí thall i Londain nuair a bhí a cúrsa istigh sa bhliain 1910 agus chuaigh i mbun oibre mar dhealbhóir neamhspleách. Thaispeáin a saothar leis an Royal Academy i Londain sa bhliain 1911 don chéad uair. Thaispeáin sí leis an Royal Academy go tráthrialta ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 1949.

Chaith Anne an Chéad Chogadh Domhanda i Chelsea ag múnlú cléithíní agus géaga tacair do shaighdiúirí gortaithe. Ag éirí as seo bronnadh an onóir Commander of the British Empire uirthi in aitheantas dá sheirbhísí don Impireacht sa bhliain 1919.

Bhí Anne ina ball den Society of Women Artists ón mbliain 1923 ar aghaidh. Rinne sí a lán saothair ar scála beag nuair a mhúnlaigh sí fíortha don Royal Worcester Potteries. Mhúnlaigh agus theilg sí roinnt bustaí portráide chomh maith. Thaispeáin sí leis an Royal Hibernian Academy i mBaile Átha Cliath faoi dhó. Thaispeáin sí a saothar in a lán ionad eile chomh maith i mBéal Feirste agus san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Ceapadh Anne ina acadúlach den Ulster Academy of Arts sa bhliain 1930 nuair a rinneadh sin as an Belfast Art Society. Bhí sí ar an gcéad bhean chun bheith ina comhalta den Royal Society of British Sculptors sa bhliain 1938. Agus í ag dul anonn in aois d’imigh sí chun cónaí i Lann Abhaigh i gContae Aontroma, áit a raibh teach ag a deirfiúracha agus lean ar aghaidh ag obair ansin. Fuair sí bás ansin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint