about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ad Vivum

click to view fullsize



Ad Vivum

Téarma Laidine a chiallaíonn ón mbeatha. Is leagan ciorraithe é de ad vivum depicta, péinteáilte ón mbeatha nó de ad vivum delineata, línithe ón mbeatha

Tagraíonn sé do phortráid a rinneadh ó dhuine a shuigh dó d’aonturas. Bhí gá leis an téarma seo tráth mar bhíodh nós ann portráid a dhéanamh ó chealtair mharbhánaigh. Bhíodh sé coitianta chomh maith portráidí nua a dhéanamh ó sheanphortráidí.

Ghreanadh greanadóirí portráidí díreach ar an bpláta ón chuspa a rachadh isteach i leabhar agus deirtí gur chlónna ad vivum nó A.V. iad. Baineadh feidhm as an téarma i leith tírdhreacha plein-air chomh maith.

Catagóir: Míndána – Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint