about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Addey, Joseph Poole

click to view fullsize



Joseph Poole Addey (1852-1922)

Péintéir bisiúil tírdhreacha agus portráidí a raibh luí ar leith aige le huiscedhath.

Rugadh i mBaile Átha Cliath é áit a raibh siopa éadaigh ag a athair. File a bhí ina mháthair Eliza Poole. D'fhreastail Joseph ar Scoil Líníochta an Royal Dublin Society i mBaile Átha Cliath agus sa Scoil Ealaíne i gCorcaigh ina dhiaidh sin ón mbliain 1869.

D'imigh sé anonn chuig Londain ansin sa bhliain 1872 agus d'fhreastail ar an South Kensington School of Design (an Royal College of Art anois), scoil a bhí ag oiliúint múinteoirí ealaíne. Ceapadh é in phríomhoide ar an scoil nua ealaíne i gcathair Dhoire sa bhliain 1877. Ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain sin agus lean de seo ar feadh a shaoil.

D'éirigh sé as an bpost i nDoire deich bliana níos déanaí chun dul leis an ealaín d'aoncheird. Chuaigh sé chun cónaí i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1889. Theagascadh sé ranganna samhraidh ag Caisleán Ráth Fearnáin agus théadh sé in éineacht leis an Dublin Sketching Club ar thurasanna chuig Dún Laoghaire agus áiteanna eile. Theagasc sé mic léinn ón Metropolitan School of Art chomh maith. Chuir sé a shaothar ar taispeáint i ngach cearn den tír.

D'imigh sé anonn go Sasana timpeall na bliana 1910 agus bhí ina múinteoir le peirspeictíocht sa Slade School of Art. Fuair sé bás thall i Londain.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint