about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Adhmad

click to view fullsize



Adhmad

An t-ábhar crua snáithíneach a fhásann faoi choirt chrainn ach ar bhonn praicticiúl tagraíonn sé do stoc an chrainn agus na géaga móra. De ghnáth roinntear adhmad ina dhá chineál, crua-adhmad agus bog-adhmad. Crua-adhmad is mó a bhíonn mar ábhar do shaothair ealaíne.

Má éiríonn adhmad tais agus má fhanann sé tais, ionsaíonn fungas é agus lobhann sé agus sin an fáth go mbaintear feidhm as do shaothair ealaíne intí.

D’ainneoin sin bhíodh an-ráchairt ar shnoíodóireacht agus foirgnimh adhmaid i measc na Sean-Ghael, na Lochlannach, na Seapánach, na Síneach agus iliomad cultúr eile. Sna críocha eile sin tá samplaí d’fhoirgnimh adhmaid atá os cionn míle bliain d’aois atá ar chomhaois le dairtheach na nGael. Ar an drochuair níor tháinig aon sampla slán tríd an nglanadh eithneach a rinneadh ar an gcultúr Gaelach.

Is cosúil ón ndearadh a bhíonn ar na h-ardchrosa cloiche Gaelacha go raibh siad ag leanúint eiseamláirí adhmaid, cé nár tháinig aon eiseamláir adhmaid slán anuas chugainn.

Tagann na h-eiseamláirí is sine den dealbhóireacht adhmaid atá ar marthain ón tSean-Éigipt. Maireann saothair i Músaem Chaireó ar nós an phainéil phortráide de Hesira a bhaineann le c.2770 R.Ch. Tá aeráid na hÉigipte chomh tirim sin ar ndóigh nach gá díon a chur ar roinnt de sheomraí an tí, agus sin an fáth a mhair saothair mar sin.

Tá dealbh an-bhreá i ndair de Naomh Molaisse ar marthain a rinneadh c.1200 A.D. agus a bhíodh ar Inis Mhuirígh, Co. Shligigh tráth, ach atá anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Ionadaí é den traidisiún ceardaíochta a dtáinig deireadh obann leis sa bhliain 1649 nuair a chuir argain Chromail deireadh leis an gceardaíocht dhúchasach in Éirinn.

Bhí nós san Eoraip, anuas go dtí aimsir an Renaissance, dealbhóireacht adhmaid pholachrómatach a chruthú, agus maireann sí fós sa Spáinn agus san Áis i ndealbhóireacht dheabhóideach na heaglaise Caitlicí. Bhí tionchar mór ag Gluaiseacht na hEalaíncheardaíochta i Sasana ar Éirinn agus spreag sin leithéid an Arts and Crafts Society of Ireland a bunaíodh sa bhliain 1894 agus an Home Industries and Arts Association chun tabhairt faoi athbheochan a dhéanamh ar snoíodóireacht adhmaid in Éirinn ag deireadh na 1890-idí agus tús an fhichiú céad. Bhí athbheochan choitianta ag dul ar aghaidh ag an am céanna ar an dírdhealbhóireacht a chuidigh leis chomh maith.

Is minic a thagtar ar adhmad sna portaigh a bhí ar caomhnú iontu ar feadh na mílte bliain. Bíonn an t-adhmad dubh tríd an bpíosa de ghnáth agus tugtar dair dhubh nó giúsach más adhmad giúise a bhíonn ann. Is féidir bailchríoch álainn a chuir air agus bíonn éileamh air mar earra dúchasach Éireannach.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint