about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Adhmadghearradh

click to view fullsize



adhmadghearradh

Teicníocht clódóireachta ó bhloc adhmaid a dtagann na samplaí is luaithe de atá ar eolas againn ón tríú chéad A.D. sa tSín. Baineadh feidhm as ansin chun gréasa a chlóbhualadh ar éadach.

San Eoraip ar an lámh eile baineann na clónna ealaíne is sine atá ar eolas a rinneadh leis an adhmadghearradh leis an gcúigiú céad déag A.D. Bíonn téamaí cráifeacha iontu go hiondúil. Teicníocht shimplí agus fíor-éifeachtach atá san adhmadghearradh agus tá sé ar cheann den dá phríomh-mhodh clóbhuailte ó bhloc adhmaid. Is é greanadóireacht adhmaid an ceann eile. B’fhorbairt nua-aoiseach ar an adhmadghearradh an lionóilghearradh. Tugtar an chreidiúint d’ealaíontóirí de chuid na buíne Die Brücke de ghnáth as lionóilghearradh a cheapadh a chéad uair. Toisc go raibh adhmadghearrthaí níos céimiúla ná lionóilghearrthaí thug siadsan adhmadghearrthaí ar chuid mhaith acu agus chuir mearbhall ar a lán.

Clóbhualadh rilífe a bhíonn i gceist leis an adhmadghearradh. Gearrtar siar an dromchla cothrom ar thaobh an chláir sa chaoi is gurb é an dromchla ard atá fágtha a dhéanann an cló. Baintear feidhm as gúistí nó sceana mar uirlisí.

Úsáidtear adhmad piorróige nó fearnóige nó beithe de ghnáth, ach déanfaidh adhmad dlúthshnáithíneach ar bith cúis.

Luaitear ainm Albrecht Dürer (1471-1528) mar ealaíontóir a bhain leas foirfe as adhmadghearradh. Forbairt ar an adhmadghearradh a bhí sa ghreanadóireacht adhmaid agus rinne sé athnuachaint ar an spéis san adhmadghearradh ar feadh i bhfad.

Rinne William Morris agus gluaiseacht na hEalaíncheardaíochta áfach athbheochan ar an adhmadghearradh le linn an naoú céad déag. Tharla athbheochan eile air le Eispriseanachas na Gearmáine i dtús an fhichiú chéid.

Rinne ealaíontóirí ar nós Emil Nolde (1867-1956), Max Beckmann (1884-1950), George Grosz (1893-1959), Ernst Barlach (1870-1938), Erich Heckel (1883-1970), Oskar Kokoschka (1886-1980) athbheochan shuntasach orthu.

Cóireáil garbh a chleacht siad agus is minic a deirtear gur ionsaigh siad an t-adhmad. Is iad a bhunaigh an t-adhmadghearradh mar mheán eispriseanach san fhichiú céad. Chleacht Harry Kernoff (1900-74) in Éirinn an t-adhmadghearradh sna 1920-idi agus 1930-idí chun radharcanna de Bhaile Átha Cliath agus a mhuintir a léiriú. Forbairt ar theicníocht an adhmadghearradh is ea an clóbhualadh fiobhloc.

Catagóir: Míndána – Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint