about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Aedicule

click to view fullsize

Thagair aediculeaediculum na Laidine do scrín nó teampall beag taobh istigh de theampall eile i dtosach. Bheadh dealbh de dhuine de na sinsear ann ag na Rómhánaigh. Leithbhreac Rómhánach de naïskos na nGréagach a bhí ann.

Rinneadh athbheochan ar an aedicule sa Renaissance mar scrín ina mbeadh dealbh naofa. Bheadh seo ar an taobh amuigh d’eaglais go minic agus ceangailte dá ballaí. Cionn is go mbíodh an aedicule beag ní bhíodh san éadan aige ach dhá cholún nó piléir ar gach taobh den oscailt nó doras agus peidiméid agus taibhléadan os a chionn.

Baineadh feidhm as leagan amach éadan an aedicule chun fráma a chur ar fhuinneoga nó ar chuasa agus tugtar aedicule ar sin chomh maith.

Pictiúr : Aedicule i mBaisleac S.Eoin Laterano sa Róimh

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint