about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ailceimic

click to view fullsize



Ailceimic

Ba réamhtheachtaí na ceimice í an ailceimic sna meánaoiseanna. Bhí sí tógtha sa chuid is mó le hiarrachtaí chun bunmhiotail leithéid iarann a athrú go hór agus airgead. Níor aithníodh aon difríocht idir an ailceimic agus an asarlaíocht ag tráthanna áirithe agus d’fhulaing lucht a chleachta dá bharr. Bhí turgnaimh na n-ailceimiceoirí mar bhun leis an gceimic féin.

Tá Johann Friedrich Böttger ón nGearmáin ar an ailceimiceoir is tábhachtaí dá raibh ann b’fhéidir. B’eisean a d’fhionnaigh foirmle cruinn taos crua, comhábhair beachta an phoircealláin sa bhliain 1709.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint