about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ailtireacht

click to view fullsize



Ailtireacht

Ealaín agus eolaíocht a phléann le dearadh, áilleacht agus dea-riar foirgneamh nó buíonta d'fhoirgnimh mar a bheadh siad i mBailedhreach. Tá ailtireacht ar cheann de na míndána agus dá bhrí sin bíonn níos mó ná tógáil foirgnimh i gceist. Baineann ailtireacht leis na foirgnimh is céimiúla de ghnáth, na foirgnimh a léiríonn idéil agus céadfaíocht aeistéitiúil an phobail nó an aicme ceannais i bpobal mar is iondúla.

Baineadh feidhm ó gcianaimsir anall as an ailtireacht mar bholscaireacht ar son na buíne ceannais ina bpobal féin agus ar son náisiúin i mbun forghabhála ar náisiúin eile. Is iad na Rómhánaigh an eiseamláir is dearscnaithí den chleachtas uilíoch seo. Bhain siad leas chomh héifeachtach sin as an ailtireacht mar bholscaireacht gurb ionann ailtireacht chéimiúil i sibhialtacht na hEorpa agus an Ailtireacht Chlasaiceach agus b’in ar feadh míle go leith bliain! Níor athraigh na bunábhair nó buneilimintí struchtúracha san ailtireacht mórán go dtí gur tháinig an aois mheicniúil. Bhain na Rómhánaigh feidhm as coincréit mar ábhar tógála.

Gluaiseachtaí nó stíleanna ailtireachta a bhí ina lán de na gluaiseachtaí ealaíne i ndáiríre. An stíl Ottónach, Rómhánúil agus Ghotach mar shampla.

D’ainneoin a fórásaí agus a bhí na gluaiseachtaí seo ina linn féin bhain siad go léir feidhm as eilimintí agus cleachtais a bhí traidisiúnta agus coitianta ina lán tíorthaí. Eilimintí ar nós colúin, fardorais, stuanna, ballaí ualachiompartha, fuinneoga agus cruinneacháin i mbrící agus i gcloch. Rinne Iodálaigh ar nós Filippo Brunelleschi (1377-1446) a d’fhionn bealach úr chun cruinneachán a thógáil, na h-oird Chlasaiceacha a athbheochan ag tús an Renaissance. Bhain lucht an Renaissance saorúsáid as foirmeacha na hailtireachta clasaicí agus d’éirigh chomh geal sin leis gur mhair sé a bheag nó a mhór go dtí tús na nua-aoise.

Thug forbairt teicníochtaí nua agus ábhair nua ar nós coincréit threisithe, gloine leatháin, alúmanam, plaistigh agus sraithadhmaid dúshlán úr roimh ailtirí agus ealaíontóirí na nua-aoise. Tháinig na tuairimí nua-aoiseacha ón Eoraip ar fad le chéile i dteagasc an Bauhaus. Bhí páirt nach beag ag an scoil ailtireachta seo a bhunaigh an t-ailtire Walter Gropius (1883-1969), i bhforbairt na nuastíle feidhmí. Bhí sé ina sprioc ag an mBauhaus an ealaín agus an teicneolaíocht a tháthú le chéile.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint