about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Aingeal

click to view fullsize

Neach spioradálta a fhriothálann ar Dhia agus a fheidhmíonn mar theachtaire Dó. Luaitear aingil lena lán creidimh éagsúla agus fuair an Chríostaíocht eolas orthu ó thraidisiún na nGiúdach go sonrach.

Tagann an focal aingeal ó angelus na Laidine a thagann féin ón nGréigis ángelos a chiallaíonn teachtaire. Léirítear aingil san ealaín mar fhir sciathánacha go mór mór agus téann bunús an nóis seo siar go dtí ealaín na Measapatáime agus na Gréige.

Ní raibh samhla d’aingil coitianta san Luath-ealaín Chríostaí ar chor ar bith d’ainneoin iad a bheith mar dhlúthchuid den chreideamh Críostaí. Síltear nach raibh samhla d’aingil coitianta toisc go mbeidis ró-chosúil agus furasta dá bhrí sin a mheascadh suas le neacha sciathánacha de chuid na Págántachta a raibh brí difriúil ar fad leo.

Maireann samhail amháin d’aingeal sa Róimh ón dóú céad A.D., radharc de Theachtaireacht an Aingil atá i gceist a fuarthas mar chuid de fhreascó i Reilig San Priscilla. Ach léirítear an tAingeal Gaibriail mar dhuine ann agus ní mar neach sciathánach.

D’éirigh samhla d’aingil coitianta tar éis thréimhse an Impire Constaintín in ealaín an Iarthair agus san Ealaín Bhiosántach. Bhraith ealaíontóirí Críostaí iad féin saor ansin chun na samhla clasaiceacha de neacha sciathánacha ar nós é siúd de chuid nícé a thabhairt anonn chun a gcuspóirí féin.

Tharla athbheochan ollmhór ar shamhla d’aingil ag deireadh an fhichiú chéid arís tar éis tréimhse ina raibh siad as faisean. Bíonn dhá sciathán coitianta ar shamhla d’aingil ach léirítear iad le ceithre, sé agus ocht sciathán chomh maith.

Grianghraf: Dealbh cloiche d’Aingeal ar Dhroichead na nAingeal sa Róimh. Tá sé léirithe i stíl dhéanach an Renaissance.


Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint