about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Airgead

click to view fullsize

Tosaíodh ar feidhm a bhaint as airgead mar mhiotal sa Chré-umhaois an chéaduair. Go deimhin bhí an oiread sin ráchairte ar airgead sa Chré-umhaois in Éirinn mar shampla gur minic a thréithrítear í mar airgead-aois chomh maith. Bhí sé níos luachmhaire ná ór go minic san Ársáiocht. Tá a fhios go raibh feidhm á bhaint as fiú sa Chré-umhaois ar son babhtála rud a thugann an dara bhrí le hairgead dúinn.

Tá lán de na cáilíochtaí céanna ag airgead agus a bhíonn ag ór, insínteacht dochreidte mar shampla; is féidir sreangán dhá chiliméadar a tharraingt as gram amháin de. Ach níl airgead chomh tearc le hór agus faightear ar fud an domhain é.

Is é an rud is mó a thug a luach dó san Ársaíocht agus go dtí le déanaí ná a chontúirtí agus a bhí a mhianadóireacht. Ní fhaightear mianach airgid ach i dteannta na luaidhe agus ní mhaireadh mianadóirí airgid ach trí bliana ar a mhéid. D’fhág sin nach ndéanadh daoine saora a thochailt ach fágadh faoi sclábhaithe é. Fuair ocht milliún Meirindiaigh agus Afracaigh a bhí ina sclábhaithe bás in oibriú an mhianaigh Potosi in Bolivia thar tréimhse trí chéad bliain chun an sampla is uafásaí de seo a lua.

Bíonn airgead íon an-bhog agus cuirtear beagán copair tríd de ghnáth lena chruatan. Bhí agus tá níos mó ráchairte ar airgead ar son déantáin agus gréithe - is cailís airgid é Cailís Ardach mar shampla - ná ar mhiotal ar bith eile. Bhí sé ar an miotal is mó ráchairte ar son boinn. Tá sé furasta a órú agus a mhaisiú le teicníochtaí ar nós nialló. Tógann airgead snas níos airde ná miotal ar bith eile ionas gur féidir feidhm a bhaint as mar scáthán. Ach athraíonn a dhromchla dubh le haois agus dá bhrí sin bratar le laicear nó ábhar eile é chun an loinnir a choinneáil gan teimheal.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint