about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Airgeadbhior

click to view fullsize

Sreangán airgid cumhdaithe in adhmad nó luaidhe a mbaintear feidhm as mar a bheadh peann luaidhe ann.

Bhíodh ráchairt ar líníocht airgeadbheara sa tseachtú céad déag agus an ochtú céad déag ach níl sé chomh coitianta ina dhiaidh sin de bharr bhuanna an phinn luaidhe, nó graifíte mar ba chirte a rá. Déanann airgeadbhior líne fíneálta ach do-scriosta agus bíonn cáilíocht mhín leochaileach ag baint le líníochtaí atá déanta leis.

Baintear feidhm as ar pháipéar a mbíonn cóirithe le geasó, guais nó péint. Bíonn seo riachtanach chun fiacail a thabhairt don bhior. Bíonn dath an airgid ar na línte a dhéantar i dtosach ach tagann meirg agus dath dubhrua orthu le himeacht aimsire. As siocair go mbíonn airgeadbhior do-scriosta bíonn ardscil de dhíth ar an ealaíontóir chun saothar gan teimheal a chruthú.

Bhí ráchairt ar líníochtaí in aigeadbhior sa chúigiú céad déag agus sa séú céad déag. Tugtar meas i gcónaí d’ealaíontóirí ar nós Albrecht Dürer (1471-1528) a rinne liníocht in airgeadbhior Féin-phortráid 1484 in Aois a Trí Déag (Dánlann Albertina, an Vín). Rinne Leonardo da Vinci (1452-1519) a leabhar nótaí in airgeadbhior agus tá siad ar na samplaí is fearr aithne den mheán.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint