about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Aiste Chatha

click to view fullsize

Pictiúr nó dealbh a mbíonn cath mar théama aige. Ar ndóigh taispeánann aistí catha an té a choimisiúnaigh an saothar ag treascairt a naimhde. Is é an aiste chatha an bealach is simplí chun bolscaireacht a dhéanamh ag ceannaire míleata agus chun a chur in iúl do phobail chloíte cá háit a bhfuil a leas.

Bhí ráchairt orthu i sibhialtachtaí na hÁrsaíochta. Tá ar caomhnú i Musaem na Breataine anois painéil mhaisithe ó Shibhialtacht na Suiméarach ó c. 2,500 R.Ch. a dhéanann comóradh ar bhua míleata dá gcuid.

Bhí na hÉigiptigh an-tugtha d’aistí chatha. Léiríonn rilífeana i dteampall Karnak ó 1291 R.Ch. an Faró Seti I ag scaoileadh saighdeanna óna charbad agus a naimhde ag teitheadh roimhe. Bhí na Gréagaigh agus na Rómhánaigh an-tugtha d’aistí catha chomh maith agus ní ar shéadchomharthaí poiblí amháin. Tá ar marthain ón ré Impiriúl líon mór sarcafagais le haistí catha snoite i rilíf orthu.

Éiríonn aistí catha gann in Iarthar na hEorpa tar éis turnamh na hImpireachta Romhánaigh. Eisceacht de seo is ea Táipéis Bayeux a léiríonn gabháil Shasana ag Liam Concar sa bhliain 1016. Bhí ráchairt mhór orthu arís sa seachtú céad déag agus san ochtú céad déag agus shroich a mbuaic san naoú céad déag, aois mhór an Impiriúlachais.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint