about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Albastar

click to view fullsize

Cloch bhog ar leagan nádúrtha criostalta de shulfáit an aoil í, nó gipseam gránaithe. Is féidir é a oibriú go furasta chun dealbha nó maisiúchán a dhéanamh. Glacann sé snas agus bailchríoch ard ach is furasta é a scríobadh áfach agus dá bhrí ní mór bheith cúramach leis.

Sa ré ársa ba é albastar ó Alabastron, atá gar d’Antinoë san Éigipt is mó a bhí faoi mheas. Sa lá atá inniu ann tagann an t-albastar is fearr ó Volterra in Toscáin na hIodáile. Bíonn dath bán ar an saghas is fearr de. Bíonn sé tréshoilseach de ghnáth ach is féidir é a dhéanamh teimhneach trína théamh in uisce te. Baineadh feidhm fhorleathan as le linn na Meánaoiseanna agus an Renaissance. Bhí tionscal mór i Sasana sna meánaoiseanna i ndéanamh míreanna altóra snoite in albastar, ach tháinig deireadh tobann leis le linn an Reifirméisin.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint