about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Alhambra

click to view fullsize

Pálás na Ríthe Múracha in Granada na Spáinne agus a bhí ar an daingean deireanach a bhí i seilbh na Múrach san Eoraip. Ghabh na Spáinnigh é sa bhliain 1492 A.D. nuair a bhí an Rí Ferdinand agus a bhanríon Isabella i réim.

Rinneadh pálás de chodanna den Alhambra faoin Carlos V Rí na Spáinne agus tógadh eaglais agus mainistir Críostaí taobh istigh de chomh maith. D’ainneoin sin tá na codanna is áille, na codanna Múracha, den taobh istigh caomhnaithe anois tar éis na céadta bliain de shiléig a bheith déanta orthu.

Tá cáil ar leith ar na hallaí agus seomraí cónaithe timpeall ar Chúirt Alberca agus Cúirt na Leon gona stuaraí, fuaráin agus gairdíní áille. Tógadh an chuid is mó den Alhambra sa cheathrú agus sa chúigiú céad déag ach thosaigh an rítheaglach Nasrid é sa bhliain 1232 A.D. faoi réimeas Muhammed Al-Ahmar.

Tagann an t-ainm ón Araibis al hamra a chiallaíonn an teach dearg.

Pictiúr : Cúirt na Leon san Alhambra gona stuaraí, fuaráin agus gairdíní áille.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint