about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Alla Prima

click to view fullsize

Téarma Iodáilise a chiallaíonn ag an tús. Is teicníocht phéintéireachta é a bhaineann leis an oladhath go mór mór agus a bhíonn á chleachtadh ar son na spontáineachta go mór mór. D’éirigh an teicníocht coitianta ó 1840 ar aghaidh nuair a tosaíodh ar phéint a tháirgeadh i dtiúbanna miotail den chéad uair cé go mbaineadh máistrí aitheanta feidhm aisti chomh fada siar leis an cúigiú céad déag. Leagtar iomlán na péinte in aon seisiún péinte amháin os comhair an ní a bhíonn ina théama sa phictiúr de ghnáth.

Uaireanta baintear feidhm as an leagan Fraincise au premier coup mar mhalairt ar an téarma Iodáilise. Uaireanta eile tugtar dírphéintéireacht nó fliuch ar fhliuch air. Bhí ardmheas ag na himpriseanaithe ar an teicníocht seo an alla prima agus bhain siad leas as go mór chun éifeacht ala na huaire a fháil.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint