about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Allan, Henry

click to view fullsize



Henry Allan, (1865-1912)

Péintéir tírdhreacha agus radharcanna seánra a rugadh i nDún Dealgan. Níl mórán eolais faoina shaothar as siocair go bhfuil a lán dá shaothar caillte anois. Oileadh é sna healaíona i mBéal Feirste i dtosach. D'imigh sé ar aghaidh ansin chuig an Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath. Thaistil sé iar sin chun tuilleadh staidéir a dhéanamh san Académie Royale des Beaux Arts in Antwerp na Beilge. Bhí sé ann ón mbliain 1884 go dtí an bhliain 1888.

Bhuaigh sé sparán Taylor an Royal Dublin Society le linn dó bheith in Antwerp as picitúir a sheol sé ar ais go Baile Átha Cliath. Bhí a lán ó Éirinn ann ag an tráth céanna leis Dermod O’Brien (1865-1945) agus Richard Moynan (1856-1906) ina measc agus bhí sé ag stopadh san aon teach le Richard Moynan.

Bhí sé abhus ina chónaí i nDún Pádraig sa bhliain 1889 ach d'aistrigh sé go Baile Átha Cliath tar éis tamall de bhlianta. Ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy na bliana 1889 an chéad uair uair a rinne sé amhlaidh. Bhí an-bhaint aige leis an acadamh ina dhiaidh sin. Tá a fhios go ndearna sé tírdhreacha de Chontae an Dúin agus de Contae Bhaile Átha Cliath. Bhain sé an Duais Albert sa bhliain 1889 as pictiúr seánra. Toghadh mar bhall den Acadamh é sa bhliain 1901 agus ceapadh mar é chisteoir air sa bhliain 1907. Tá a fhios go raibh sé faoi anáil phéintéireacht seánra na hÍsiltíre agus saothar Jozef Israëls (1824-1911) go sonrach agus tá seo feiceáil san aon phictiúr amháin óna láimh atá sa Ghailearaí Náisiúnta; Intí Ollainneach.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint