about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Allen, Margaret

click to view fullsize



Margaret Allen (1830-1914)

Péintéir portráidí agus pictiúir seánra a bhí ar an gcéad ball oinigh den Royal Hibernian Academy riamh a bhí ina bhean. Tá cuid mhaith bearnaí san eolas faoina saol anois. Bhí baint mhór aici le taispeántais an Royal Hibernian Academy sna blianta idir 1853 agus 1894.

Portráidí agus pictiúir seánra is mó a thaispeáin sí ansin. Is cosúil gur rugadh i mBaile Átha Cliath áit a raibh a hathair Mark Allen ina dhíoltóir soláthairtí ealaíne agus ina ghrianghrafadóir. Is cosúil óna saothar gur oileadh i scoil ealaíne í ach níl aon fhianaise ann a chruthaíodh seo.

D’fhéadfadh sé go raibh sí pósta ar fhiaclóir a d’imigh anonn ag obair i Sasana ón mbliain 1876 ar aghaidh. Bhí buanchónaí uirthi i Manchester ón mbliain 1883. Ghlac sí i dtaispeántais sa Manchester City, sa Royal Society of Artists i gcathair Birmingham agus sa Walker Gallery i gcathair Liverpool. Bhí Margaret cróga agus rinne roinnt pictiúr a bhí báúil le streachailt na hÉireann, rud annamh i stair na nealaíon in Éirinn.

Bhí Margaret ina cónaí arís ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1911. D’imigh sí chun cónaí ina dhiaidh sin ar Bhaile Nua an Chinnéidigh ach fuair sí bás ar Bhaile Uí Eidhin i gContae Chill Chainnigh.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint