about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Amarna

click to view fullsize

Ealaín Amarna

Chuir an Fharó Akhenaten (c.1375 R.Ch.) tús le réabhlóid i gcreideamh na Sean-Éigiptigh. Chuir sé córas bunaithe ar aon dia amháin, an Aten nó an ghrian i bhfeidhm in ionad an lear mór déithe a bhíodh ann go traidisiúnta. Chuir seo tús le stíl úr ealaíne san Éigipt chomh maith, stíl a mheastar a bheith Mainéarach agus Eispriseanach ag an am céanna. Ainmnítear an stíl ón áit a raibh phríomhchathair Akhenaten, Tel-el-Amarna inniu.

Léaráid: Faró Akhenaten, a bhanríon Nefertiti, agus na banphrionsaí, Blogh de rilíf ó Tell el-Amarna, c. 1,350 R.Ch. (Rítheaghlach XVIII) Diosc na gréine ag beannú teaghlach an Fharó. Fótagraf le caoinchead Allan T. Kohl.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint