about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ardchros

click to view fullsize

Cros le colún ard agus géaga measartha gairid le ciorcal lárnaithe ar an bpointe a ngearrann siad trasna a chéile i.e. cros rothlach. Tá os cionn 250 cros in Éirinn. Ní fhaightear ardchrosa san Eoraip ach in Éirinn agus sna tíortha a bhí faoi thionchar na hÉireann ag an am, Alba, Manainn agus Sasana.

Léiríonn na h-ardchrosa gaol áirithe le dealbhóireacht ón tSeoirsia agus ón Airméin a d’fhéadfaí a thréithriú mar anáil an mhanachais Cheartcheidmhigh. Ach d’ainneoin sin léiríonn íocónagrafaíocht na gcrosanna nasc le sacrcafagais Luath-Chríostaí na Róimhe. Tugtar Crosa Screaptra orthu chomh maith mar gheall ar sin. Is cosúil gur athchruthú oilithreacht don Róimh a bhí iontu.

Áirítear Cros Mhuirígh i Mainistir Bhuíthe (c.923 A.D.) mar shárshaothar na n-ardchros uile. Crosa cloiche amháin atá ar marthain ach creidtear go raibh siadsan bunaithe ar eiseamláirí in adhmad nó miotal nár mhair. Meastar go raibh an ardchros ag Droim Cliabh i gContae Shligigh a tógadh timpeall na bliana 1150 A.D., ar an gceann is deireanaí a cuireadh suas in Éirinn.

Tréithríonn meascán de mhóitífeanna ó threimhsí éagsúla í. Athruithe i ndeasghnátha a tharla de bharr an leasaithe a bhí ar bun san Eaglais Ghaelach is cúis lena ndeireadh is dócha.

Pictiúr : Crois Mhuireadaigh, Mainistir Buíthe, Aghaidh Thiar c. 923 A.D.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint