about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Arts and Crafts Society of Ireland

click to view fullsize

Cumann a raibh sé mar sprioc aige feabhas a chur ar staid agus caighdeán na ceardaíochta sa tír. Bhunaigh Dermot Wyndham Bourke, 7ú Iarla Mhaigh Eo é, i gcuideachta daoine eile i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1894. Mhair an cumann go dtí an bhliain 1925.

Cuireadh ar bun é chun aithris a dhéanamh ar shárobair a mhacasamhla i Sasana agus bhí an cumann spleách ar a leathbhreac Briotanach. D’ainneoin sin tréimhse bhisiúil a bhí sa tír agus bhí Conradh na Gaeilge agus Athbheochan na Gaeilge faoi lán seol ag an am céanna agus chuidigh siad lena chéile.

Bhí sé mar thréith ag na cumainn éagsúla ealaíncheardaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain chomh maith go raibh meas acu ar thréithe náisiúnta a shíl siad a bheith aontaithe faoi dhílseacht phearsanta do rítheaghlach Shasana. Rinne an cumann cúram den dearadh agus ceardaíocht dhúchasach agus tháinig bláthú ar dhearaí agus dualaíocht Ghaelacha sa tír.

Bhí taispeántais phoiblí ag an gcumann i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh de cheardaíocht Éireannach agus Shasanach. Rinneadh leasú rathúil ar na scoileanna ealaíne i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste agus Corcaigh agus faoi dheireadh an chéid bhí a lán d’fheidhmeanna an chumainn tógtha anonn acu. Ba é a an taispeántas a reáchtáladh sa bhliain 1904 is mó a léirigh an dul chun cinn a bhí á dhéanamh i gceardaíocht na tíre. Samhlaítear saothair ó Harry Clarke (1889-1931), Wilhelmina Geddes (1887-1955) agus Oswald Reeves (1870-1967) le taispeántais 1917 agus 1921. Cheangail an cumann an cheardaíocht leis an leas sóisialta.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint