about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ashford, William

click to view fullsize

William Ashford (1746-1824)

Péintéir bisiúil a chleacht tírdhreacha Nua-Chlasaiceacha i stíl Claude Lorrain (c.1600-82) agus a bhí ina chéad uachtarán sa bhliain 1823 ar an Royal Hibernian Academy.

Rugadh Ashford i mBirmingham Shasana. D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath sa bhliain 1764 tar éis dó post a fháil san Oifig Ordanáis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Péintéir amaitéarach a bhí ann i dtosach is cosúil nó níl a fhios cá háit ar oileadh é nó an bhfuair sé oiliúint fhoirmeálta ar bith. Chleacht sé bláthphictiúir ar dtús agus tá cuid acu sin sa Ghailearaí Náisiúnta.

Bhí baint aige leis an Irish Society of Artists i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin agus thosaigh ag péinteáil tírdhreacha. Bhí tírdhreach ar crochadh aige i dtaispeántas na bliana 1772 de chuid an chumainn agus thaispeáin sé pictiúr leo go dtí an bhliain 1780.

Sheoladh Ashford tírdhreacha go rialta chuig taispeántas an Royal Academy i Londain ina dhiaidh sin. Rinne sé cineálacha eile pictiúir chomh maith - bhí meas ar leith ar a mhuirdhreacha – ach is ar a thírdhreacha is mó a bhí aghaidh an phobail. Thugtaí taitneamh ar leith don bhealach a phéinteáladh sé crainn iontu thar mhionshonra eile ar bith iontu.

Bhí rath iontach air agus fuair sé a lán coimisiúin, ó thiarnaí talún go mór mór chun radharcanna topagrafacha óna n-eastáit a phéinteáil. Toghadh mar uachtarán é ar an Irish Society of Artists sa bhliain 1813, bhí a ainm chomh hard sin.

Am éigin i ndiaidh na bliana 1780 thóg sé teach breá dó féin; Roslyn Park i nDumhach Trá. An t-ailtire James Gandon a dhear an teach dó. D’fhill Ashford ar Shasana ar feadh tréimhse idir na blianta 1789 agus 1790 agus chaith sé an tréimhse seo i Londain tar éis dó éirí as a phost mar státsheirbhíseach san Oifig Ordanáis an bhliain roimhe. Bhí sé fada go leor i Londain chun ballraíocht sa Society of Artists ann a ghlacadh.

D’fhill sé ar Bhaile Atha Cliath agus lean sé leis le taispeántais abhus agus ag seoladh pictiúir anonn don Royal Academy. Bhí taispeántas aonair rathmhar aige i seomraí an Dublin Society sa bhliain 1819. Tháinig na cumainn eagsúla ealaíne in Eirinn le chéile sa bhliain 1823 chun acadamh a bhunú, an Royal Hibernian Academy (RHA). Toghadh William Ashford ina chéad uachtarán air.

Níor mhair sé ró-fhada sa phost úr nó fuair sé bás an bhliain dar gcionn.

An Pictiúr: Radharc de Bhaile Átha Cliath ó Shéipéal Íosóid, c.1790-1800

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint