about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ashtamangala

click to view fullsize

D’fhorbair an Búdachas íoconagrafaíocht iomlán maille le raon iomlán samhailchomharthaí le himeacht aimsire chun a theagasc a chuir in iúl. Is measc na samhailchomharthaí is mó ráchairte tá iad siúd ar a dtugtar na h-ocht samhailchomharthaí ádhmhara nó Ashtamangala sa Sainscrit. Ocht is brí le ashta agus ádhmhar is brí le mangala.

dhá iasc órga - Léirítear dhá iasc órga gob le gob. Seasann siad don torthúlacht as siocair go mbíonn pór líonmhar ag éisc.

dual gan chríoch - Seasann an dual gan chríoch do shaol fada, grá buan agus an ceangal idir gach uile rud toisc nach mbíonn deireadh leis an píosa dualaíochta. Cuireann sé eolas do-shrianta an Bhúda in iúl. Tá sé an-chosúil le dualaíocht Ghaelach.

loiteog - Fásann an loiteog díreach aníos as an lábán ach ní bhíonn sí salach ach geal loinnireach. Chomh maith leis sin bíonn lár an bhláith folamh. Seasann sí don ghlaineacht dá bharr sin.

meirg na bua - Seasann sí do bhua theagasc an Bhúda i.e.bua an eolais ar an olc.

próca stóir - Lánmhaireacht agus raidhsiúlacht an spioraid.

roth - Samhailchomhartha ar rotha mór an tsaoil, breith, bás agus athbhreith. Seasann sé chomh maith do theagasc an Bhúda a chomharthaíonn bealach amach as an gciorcal seo.

scáth gréine - Samhailchomhartha ar chéimiúlacht nó ríghe.

sliogán trumpa - An sliogán trumpa a ghlaonn ar nós stoc nó clog an pobal le chéile.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint