about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Astacach

click to view fullsize

Ealaíona agus Sibhialtacht na nAstacach

Cultúr agus sibhialtacht réamhcholambasach de chuid Mheicsiceo Láir. Thug siad Tenochca orthu féin tar éis dóibh sibhialtacht a gcomharsain a chomhshamhlú, ainm arb ionann é agus Tolteic.

B’ionann Astacaigh mar théarma agus lucht labhartha Nahuatl agus dála a lán ciní i Lár-Mheiriceá labhair na hAstacaigh Nahuatl. Ba Mexica nó Chichimeca Mexitin iad i dtosach.

Aithnítear sa stair iad timpeall ar 1200 A.D. i dtosach mar inimircigh i nGleann Meicsiceo. Bhí siad lag an tráth sin ach uaillmhianach, ionsaitheach agus diongbháilte ina n-iarrachtaí chun cloí le chéile mar chine ar leith. Dá bhrí sin b’fhorbairt dhéanach a bhí i sibhialtacht na nAstacach nó na Tenochca seo, i gcóimheas le cultúr réamhcholambasacha eile a bhí i bhfad níos sine. Bhunaigh na hAstacaigh Tenochtitlán, Cathair Mheicsiceo inniu, a bpríomhchathair sa bhliain 1324 A.D. agus bhí 200,000 de dhaonra ann sa séú céad déag.

Bhí a bhflaitheas ag leathnú an t-am ar fad agus mhair a n-impireacht go dtí gur scrios na Spáinnigh faoi cheannas Cortés í sa bhliain 1521 A.D.

Tá a lán dár n-eolais ar ealaín na nAstacach áfach ag brath ar an seandálaíocht. Ealaín éicléicteach a bhí ann ag tarraingt ar ealaíona na gciní a bhí faoi smacht acu na misteic go mór mór.

Bhí dealbhóireacht na nAstacach, a mhaireann mar mhaisiúchán ar fhoirgnimh dá gcuid, ar an gcuid ba chasta i Meiriceá.

Is í an fhéilire chloiche a léiríonn an chruinne mar a thuig siad í, an tsnoíodóireacht Astacach is táscmhaire a mhaireann. Tá trastomhas 3.5 méadar inti agus tá aghaidh Tonatiuh, dia na gréine, léirithe ina lár. I measc na n-ealaíon eile a chleacht siad bhí miotalóireacht, criadóireacht, fíodóireacht agus snoíodóireacht adhmaid. Rinne siad a lán saothair i gcleití éin.

Thóg siad pirimidí ach níor thuamaí iad ar nós cinn na néigipteach ach altóirí chun íobartha agus bhíodh sruthanna d’fhuil dhaonna ag sní anuas ón mullaigh in ómós do Huitzilopochtli, dia an chogaidh.

Bhí Huizilopochtli agus Tlaloc dia na fearthainne ar na déithe is tábhachtaí acu. Tá tábhacht ar leith ag radharcanna d’íobairtí ina gcuid ealaíne.

Léiríodh Coatlicue bandia na talún in éineacht le moll nathracha agus samhla de chroíthe agus lámha daonna timpeall uirthi. Léiríodh Quetzalcoatl mar nathair faoi chleití éin.

Pictiúr : Cruinneán cloiche Coyolxauhqui ón 15ú céad A.D. a bhfuil mar théama aige Bandia na Gealaí á marú ag a deartháir Huitzilopochtli. Tagann an rilíf ó Templo Mayor, Cathair Mheicsiceo.

Catagóir: Ealaín agus Sibhaltachtaí Réamhcholambasacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint