about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Atelier

click to view fullsize

Téarma Fraincise a chiallaíonn ‘stiúideo’ de ghnáth. Tagraíonn sé ar bhealach sonrach áfach do stiúideonna an naoú céad déag sa Fhrainc ina mbíodh fáil ar chuspa nocht ealaíontóra.

Bhíodh a lán de na ateliers ag feidhmiú agus acadamh mar theideal ar chuid acu. Is é an Académie Julian, ar ar fhreastail Henri Matisse (1869-1954), an ceann is suntasaí díobh seo. Bhíodh saorchead isteach sna ateliers de ghnáth ag ealaíontóirí fir tar éis an táille a íoc. Bhíodh corrcheann ann ar nós an Académie Colarossi a ligfeadh mná isteach.

Chuireadh ealaíontóirí gairmiúla teagasc ar fáil i gcuid acu ach leanadh cuid eile acu ar aghaidh gan teagascóirí ar bith.Thugtaí atelier libre i. stiúideo saor orthu chomh maith cionn is nach mbíodh aon chritéir iontrála acu.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint