about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Atkins, James

click to view fullsize



James Atkins (1799-1833)

Péintéir portráidí nach bhfuil ach beagán dá shaothar ar marthain fós.

Rugadh i mBéal Feirste é agus péintéir chóistí agus comharthaí a bhí ina athair. Fuair James a chéadoiliúint sa phéintéireacht óna athair agus d’fhreastail ina dhiaidh sin ar Scoil Líníochta an Belfast Academical Institution. Thosaigh sé ann sa bhliain 1814, bliain bhunaithe an fhorais sin.

Chruthaigh sé chomh maith sin gur tháinig roinnt phátrúin le chéile, Mrs Batt, an Marquess of Downshire agus an Marquess of Londonderry agus mhaoinigh é chun turas fada staidéir a dhéanamh san Iodáil. Chaith James dtrí bhliain déag san Iodáil ón mbliain 1819 ar aghaidh, sa Róimh agus i bhFlórains sa chuid is mó.

Bhain sé cáil amach dó féin ansin agus chuir a bheatha i dtír ansin ag péinteáil portráidí do dhaoine uaisle ar an Grand Tour. Rinne sé cóipeanna de shaothar na seanmháistrí chomh maith. Rinne sé Marú Pheadar an Mairtíreach, leagan de shaothar de chuid Titian timpeall na bliana 1825. Bronnadh an pictiúr ar Choláiste na Banríona i mBéal Feirste sa bhliain 1847, an chéad saothar a bronnadh ar an gcoláiste nuabhunaithe agus tá sé ann fós sa halla mór.

Thaistil James chuig Cathair Chonstaintín sa bhliain 1832 agus phéinteáil portráid an tSadhbháin ansin. Chuir sé faoi ar Oileán Malta iar sin, áit a bhfuair sé bás nuair nach raibh sé ach sé bhliain agus tríocha d’aois. Cheannaigh an tOir. Narcissus G. Batt reachtaire Ráth Maoláin in Inis Eoin na saothair a bhí ina stiúideo agus taispeánadh iad i mBéal Feirste.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint