about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Atkins, William

click to view fullsize



William Ringrose Golden Atkins, (1812-1887)

Ailtire a shamhlaítear i dtús a ghairmréime le dearadh foirgneamh a léiríonn anáil Augustus Pugin (1812-1852) air. Rugadh William gar do Mhala i gCorcaigh. Oileadh san ailtireacht é i gCorcaigh i ngnó a uncail John Pain ailtire. Bhí William lonnaithe i gCorcaigh don chuid is mó dá shaoil.

Bhuaigh sé comórtas ailtireachta ar ball ar son an tséipéil i Reilg Chnoc Iaróim i mBaile Átha Cliath a dhearadh agus críochnaíodh an obair air seo sa bhliain 1845. Sa bhliain 1846 thóg sé séipéal eile san Fhairche i gContae na Gaillmhe. Timpeall na bliana 1855 chuir sé críoch ar oibreacha ar Anner Castle, Contae Thiobraid Árann tionscnamh a bhí tosaithe cheana ag ailtire eile. Idir na blianta 1846 agus 1857 thóg sé mórfhoirgneamh an Cork Lunatic Asylum an foirgneamh is mó a chuir sé i gcrích ina ghairmréim ar fad agus é ar chonradh ó Bhord na nOibreacha Poiblí. Rinne sé an obair ar an Killarney Railway Hotel sa bhliain 1852 i dteannta ailtire eile.

Dhear William tithe príobháideacha chomh maith agus tá Oak Park i dTrá Lí, a thóg sé idir na blianta 1856 agus 1861, ar an gceann is fearr aithne orthu. Dhear sé teach na gcóistí timpeall na bliana 1870 le Teach Mhucrois gar do Chill Áirne. Bhí sé freagrach as roinnt eaglaisí a dhearadh agus a thógáil d’Eaglais na hÉireann Naomh Micheál agus na nAingeal Uile i gCorcach Beag sa bhliain 1881 ina measc.

Tháinig eastát an teaghlaigh gar do Mhala chuige le huacht agus chuaigh sé a chónaí ann agus chaith a lán dá chuid ama ina dhiaidh sin le feirmeoireacht.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint