about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Atkinson, George

click to view fullsize



George Atkinson, (1880-1941)

Péintéir, dearthóir agus oideachasóir.

Rugadh George i gCóbh, Co Chorcaí. Fear gnó a bhí ina athair. Maítear gur thug scéal James Barry á bhí á léamh aige an spreagadh dó chun a bheith ina ealaíontóir. Ar scor ar bith thosaigh George ag freastail ar an scoil ealaíne i gCorcaigh agus chruthaigh go rímhaith ann.

Ag éirí as seo bronnadh scoláireacht air chun cúrsa a dhéanamh sna sna Scoileanna Ealaíne i South Kensington i Londain chun a bheith á oiliúint mar theagascóir ealaíne. Thug sé cuairt ar Cathracha Phárais agus München le linn dó bheith ag staidéar thall i Londain.

Fuair George post mar chigire ealaíne i mBaile Átha Cliath tar éis dó a cháiliochtaí a bhaint amach. Ceapadh ina príomhoidear an Dublin Metropolitan School of Art sa bhliain 1918 tar éis dó ceithre bhliana chaitheamh sa scoil mar chúntóir don phríomhoide, post inar fhan sé go bhfuair sé bás. Céad phríomhoide an Choláiste Náisiúnta Ealaíne a bhí ann nuair a rinneadh sin den Dublin Metropolitan School of Art sa bhliain 1937.

Bhí pictiúir ag George i dtaispeántas na bliana 1911 den Royal Hibernian Academy agus rinne fo-bhall den acadamh de an bhliain dar gcionn. Toghadh mar bhall é sa bhliain 1918.

Bhí éileamh ar George mar dhearthóir, stampaí ina measc agus chomh maith leis sin rinne sé greanadóireachtaí agus meisitintí. Bhí meas oifigiúil air agus ceapadh ina ghobharnóir ar an nGailearaí Náisiúnta. Is cosúil gur chuir George lámh ina bhás féin nó fuarthas marbh ina oifig é nimhithe le gás.

An Pictiúr: Seandún Corcaigh, meisitint, George Atkinson

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint