about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Atkinson, George Mounsey Wheatley

click to view fullsize



George Mounsey Wheatley Atkinson (1806-84)

Péintéir loingis agus radharcanna mara.

Rugadh George Mounsey Wheatley Atkinson i gCóbh Chontae Chorcaí de thuismitheoirí Sasanacha. Péintéir féinoilte a bhí ann a thosaigh amach sa saol mar shiúinéar ar bhord loinge. Fuair sé post mar chigire loingis de chuid an Rialtais nuair a d’fhill sé ar Chóbh agus é os cionn tríocha bliain d'aois.

Chleacht an phéintéireacht ina am saor agus bhí a chéadiarrachtaí lag go leor. Rinne sé speisialtacht de muirdhreacha, radharcanna cuain agus loingis agus meabhraíonn roinnt dá shaothair Scoil na hÍsiltíre. Tréithríonn eolas cruinn ar chomhdhéanamh long agus rigín a shaothar.

Is leis an Cork Art Union Exhibition ón mbliain 1841 ar aghaidh is mó a thaispeáin sé a shaothar. Bhí cúig phictiúr de radharcanna ar Chóbh agus an caladh ina chéad taispeántas. Thaispeáin sé leis an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1842 agus sa trí bhliain ina dhiaidh sin. Cionn is nár éirigh go ró-iontach leis iontu níor thaispeáin sé leo arís go raibh ceithre bhliaina agus tríocha istigh sa bhliain 1879. Ní raibh an t-iomrá céanna air taobh amuigh de Chorcaí lena linn agus atá anois. Phéinteáil cuairt na banríona Victoria ar Chorcaigh sa bhlain 1849 agus tá an pictiúr seo sa bhailiúchán ríoga i Sasana anois.

Chuir a chlann George Mounsey Atkinson (c.1830-1908), Richard Peterson Atkinson, Robert Atkinson agus Sarah Atkinson spéis san ealaín agus bhí ina bpéintéirí. George Mounsey an duine is fearr aithne díobh.

Fuair George Mounsey Wheatley Atkinson bás i gCóbh ina theach féin.

An Pictiúr: George Mounsey Wheatley Atkinson, An long Benares ó Bhostún ag dul thar Holyhead ar a bhealach chuig Learpholl, 1858 An Gailearaí Náisiúnta

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint