about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Atlas

click to view fullsize

Fíor snoite d’fhear a mbaintí feidhm as mar cholún i seandacht na Gréige agus a fhreagraíonn don charaitid, fíor bhaineann. I miotaseolaíocht na Gréige, iompraíonn an Tíotán Atlas na spéartha ar a ghualainn.

San ailtireacht léirítear Atlas de ghnáth mar fhear láidir i staidiúir chromtha agus feidhm cholúin aige. Tugann seo in iúl go bhfuil meáchan trom á iompar aige. A mhalairt ar fad a bhíonn fíor faoin gcaraitid, a mbíonn staidiúir díreach grástúil uirthi agus an meáchan ar a ceann. Bhí ráchairt arís ar an Atlas le linn an Bharóic.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint