about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Avant-Garde

click to view fullsize

Téarma Fraincise, ar théarma míleata é i dtosach, a chiallaíonn buíon tosaigh nó tulgharda. Is é gnó an tulgharda an bealach a ullmhú don chuid eile den arm a thagann ina ndiaidh.

Baintear leas as sna healaíona chun cur síos ar ealaín dheireadh an naoú céad déag, an fin de siécle agus ealaín thús an fhichiú céad, an nuascoil den chuid is mó a bhí chun tosaigh ar a gcomhaimsirigh.

Rianaítear bunús an téarma mar théarma taobh amuigh de chúrsaí míleata siar go dtí na Sóisialaigh luatha sa tréimhse tar éis 1830 chun iad siúd a bhí i dtosach an tslua a thréithriú. Baineadh feidhm as an téarma sna míndána sa bhliain 1863 chun ealaíontóirí an Salon des Réfusés a thréithriú.

Cuirtear an téarma seo ar ealaín de chuid tréimhsí ar bith anois a shíltear a bheith forásach nó triallach, go mór mór í siúd a chuireann suas do chomhghnásanna nó do thraidisiúin sheanbhunaithe. Dúisíonn an téarma a lán ceisteanna fealsúnachta agus is é an ceann is bunúsaí ná, Cad é a bhfuil sé avant-garde air?

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint