about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bachall

click to view fullsize

Bata crúcáin mar a bhíodh ag aoirí caorach.

Iompraíonn easpag bachall mar chomhartha ar a chúraimí mar thréadaí. Leagan ealaíonta de bhachall aoire a bhíonn aige agus ní raibh ealaíontóirí Gaelacha ar gcúl ina maisiú. Bhí an Bachall Íosa ar cheann de sheoda na hEaglaise in Éirinn ar feadh i bhfad. Baineann Bachall na n-Abaí ó Chluain Mhic Nóis le deireadh an aonú céad déag agus tá tionchar Lochlannach le sonrú ar na maisiúcháin air. Baineann Bachall Leasa Móire le tús an aonú céad déag agus tá sé an-chosúil le Bachall na n-Abaí. Tá inscríbhinn ar an mbachall ag cur in iúl gurb é an t-easpag Niall Mac Mhic Aodhagáin a choimisiúnaigh an bachall agus gurb é Neachtain ceard a rinne an déantán, comhartha ar ardstádas ceardaithe sa chultúr Gaelach ag an am.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint