about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Backsteingotik

click to view fullsize

Gotachas bríce nó Gotico baltico Gotachas Mhuir Bailt mar a thugann na hIodálaigh air. Is ionann backstein agus cloch bhruite nó bríce. Tagraíonn an téarma d’ailtireacht dhúchasach ghotach shimplithe i dTuaisceart na Gearmáine agus sa Phólainn go mór mór a thógtaí le brící de déanamh sin. Dhéantaí seo toisc nach raibh aon chloch oiriúnach ar fáil soghluaiste.

Faightear an stíl i dtíotha oirthear Mhuir Bhailt, an Eastóin, an Liotuáin,an Latvia, tar éis an dóú céad déag nuair a ghabh oird ridireachta ón nGearmáin agus ón Danmhairg na tíortha sin. Leath sí uaidh sin isteach sa Rúis.

Baineadh feidhm as brící i dtógáil ardeaglaisí ollmhóra, hallaí baile agus foirgnimh gradamacha eile. Shroich an stíl a buaic sa cheathrú haois déag agus bhí sé cleamhnaithe leis na calafoirt a bhain leis an gConradh Hainseatach. Ní bhíonn ach corrshampla ar fáil taobh amuigh den cheantar sin. Luaitear hallaí baile chathracha Lübeck agus Turoń mar shamplaí dearscnaitheacha den stíl maraon le eaglaisí Lübeck, Wismar agus Neubrandenburg.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint