about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bad Painting

click to view fullsize



Bad PaintingBad Art

Nua-Eispriseanachas Mheiriceá. Bhí an Coincheapachas agus an tÍostachas in uachtar i Meiriceá sna 1970-idí. Braitheadh go raibh an cineál ealaíne seo fionnuar neamhmhothúchánach agus féachadh uirthi mar dhea-ealaín na linne. Tháinig an Nua-Eispriseanachas chun cinn mar fhrithghníomh i gcoinne an Íostachais agus an Coincheapachas sa Ghearmáin, Neue Wilden, san Iodáil Trans-Avantguardia agus i Meiriceá mar Bad Painting. Tugtar Uastachas uirthi uaireanta chomh maith chun an chodarsnacht idir í agus an tÍostachas a chomharthú.

Reáchtáileadh taispeántas sa bhliain 1978 san New Museum of Contemporary Art i Nua Eabhrach agus tugadh an t-ainm Bad Painting air toisc go raibh lucht an taispeántais ag cur i gcoinne dea-phéintéireacht na linne d’aonghnó. Ealaín fíorthaíoch bras geáitsíoch, garbh uaireanta ach péintéiriúil gur chuma leis cad a bhí mar théama aige, téamaí pornagrafaíochta fiú a bhí inti. Bhí na saothair ‘ualaithe le dearcadh fonóideach’ go minic. Luaitear an ghluaiseacht le saothar Philip Guston (1913-80), Malcolm Morley (1931- ), Robert Ryman (1930-), David Salle (1952- ), Julian Schnabel (1951-), agus Agnes Martin (1912-) i Meiriceá. Ní thugtar ach Eispriseanachas air uaireanta sa Ghearmáin go mór mór agus Neue Wilden ar lucht a chleachta.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint