about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bambocciate, Bambochade

click to view fullsize

Péintéireacht seánra i bhformáidí beaga de ghnáth a dhéantar sa stíl, stíl díorthaithe ón bpéintéir Caravaggio, a chleacht an t-ealaíontóir Ollannach Pieter van Laer (1599-c.1642) ó Haarlem a raibh an leasainm il Bamboccio air. Ciallaíonn an leasainm seo ‘preabaire de pháiste’ agus tuaisriscítear go raibh an cuma seo air. Ba bhall den Schildersbent é agus bhí sé sa Roimh idir na blianta 1625 agus 1638 nuair a d’fhill sé ar an mbaile. Péintéireacht seánra a bhí sna Bambocciate a bhí bunaithe ar radharcanna de shaol chathair na Róimhe agus ar shaol na sruthairí agus na mbacach sa chathair atá ann.

Sa tréimhse roimh an bhliain 1700 bhíodh an chuid is mó d’ealaíontóirí i gcoitinne beo ar phátrúnacht ó phátrúin mhóra nó ón Eaglais. Bhí tóir ag uasalaicme na Róimhe agus ag an meánaicme nua a bhí ag fás an t-am ar fad ar an seánra nua seo. Pictiúir mhaisiúla agus so-ghluaiste a bhí ón aicme nua agus mhair an ráchairt ar radharcanna mar seo go deireadh an ochtú céad déag. Tugtar Bamboccianti mar chnuasainm ar lucht leanúna Pieter van Laer agus ar na péintéirí is tábhachtaí díobh bhí Andries Both (c.1612-41), Michelangelo Cerquozzi (c.1602-60), Jan Miel (c.1599-1664), Thomas Wyck (c.1616-77), Corneille de Wael (1592-1667), Guillaume Courtois (1628-79) ar a dugtar Guillermo Borgognon.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint