about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Barber, Rupert

click to view fullsize



Rupert Barber, (1719-72)

Péintéir portráidí in oladhath, mionphortráidí i gcruan agus greanadóir a rugadh i Sráid Capel i mBaile Átha Cliath. Ní mhaireann a lán dá shaothar anois.

Díoltóir earraí olna a bhí ina athair Johnathan Barber a rugadh i Sasana agus mionfhile Bhéarla a bhí ina mháthair Mary Barber ("Sapphira" a hainm cleite) agus cara le Jonathan Swift. Bhí an teaghlach measartha maith as ar dtús agus aithne acu ar saoithíní agus uaisle na cathrach. Is de bharr a bhaint le Swift agus a chiorcal agus lena mháthair is mó a bhfuil cuimhne air anois.

Phós Rupert cailín saibhir dar sloinne Wilson sa bhliain 1842. Tá a fhios go raibh sé ag obair agus bhí i mbun oibre mar phéintéir i mionphictiúr i gcruain i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1743.

Bhí air athair Rupert athrú go Londain ar thóir oibre nuair a loic air a ghnó féin agus is cosúil go raibh Rupert féin i Londain sa bhliain 1748 agus go bhfuair sé oiliúint san ealaín in Bath Shasana sa bhliain 1752.

Chabhraigh a lucht aitheantais i gciorcal Swift leis ina ghairmréim mar phéintéir i mBaile Átha Cliath. Thug Mrs Delany teach ag bun gairdín a tí Delville i nGlas Naíon dó agus agus chuir é in aithne don Ard-leifteanant agus do mhaithe móra a linne sa choilíneacht Shasanach. Is cosúil go raibh ráchairt ar a shaothar. Tá portráid de Johnathan Swift óna láimh sa Ghailearaí Náisiúnta. Thriall Rupert fiontair nua ina shaol in éineacht leis an bpéintéireacht; grúdlann a chur sa tsiúil agus déantús gloine mar shampla ach níor éirigh go ró-mhaith leis sna fiontair seo.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint