about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Barbizon, Scoil

click to view fullsize



Scoil Barbizon

Scoil nó coilíneacht ealaíne d’ealaíontóirí tírdhreacha nádúraíocha rómánsacha sa Fhrainc a áirítear mar chuid thábhachtach den ghluaiseacht ar a dtugtar Réalachas Pictiúrtha.

Samhlaítear Scoil Barbizon leis an bpéintéireacht plein-air sa tréimhse ó thimpeall na bliana 1837 go timpeall na bliana 1870. Síltear gurbh iad a cheap an teicníocht sin mar is eol dúinn anois í den chéad uair. Rinne tiúbanna péinte réamhullmhaithe beartas praicticiúl de nuair a tosaíodh á dtáirgeadh sna 1840-idí den chéad uair.

Bhí filleadh ar an Nádúr ina phríomhairteagal creidimh ag Scoil Barbizon agus chuige sin rinne siad iarracht léiriú cruinn a thabhairt ar shaol na dtuathánach agus na gceardaithe umhla agus ar radharcra na tuaithe trí phéintéireacht a dhéanamh ar an láthair cé gur ghnách leo a bpictiúr a chríochnú sa stiúideo. Bhí breith ar atmaisféar ala na huaire barrthábhachtach dá n-iarrachtaí.

Is ón sráidbhaile Barbizon a tháinig an t-ainm, baile tríocha míle ó Pháras ar imeall Fhoraois Fontainebleau, áit a raibh cónaí ar phríomhbhaill na gluaiseachta.

Feachtar ar Théodore Rousseau (1812-67) mar bhunaitheoir na gluaiseachta agus i measc na mball eile bhí Jean-Baptist Corot (1796-1875), Charles-François Daubigny (1817–78), Narcisse Diaz de la Peña (1808-76), Jules Dupré (1811-89), Jean-François Millet (1814-75) agus Constant Troyon (1810-65). Rinne a gcleachtas de bheith ag péintéireacht amuigh faoin spéir réamhtheachtaithe den Impriseanachas díobh.

Aithnítear tionchar John Constable (1776-1837), an péintéir Sasanach agus taispeáint a thírdhreacha i bPáras i Salón na bliana 1824 go sonrach mar chéadspreagadh na scoile agus an siocair gur thréig siad an stíl acadúlach a bhí in uachtar ag an am ar son na péintéireachta plein-air.

Bhí tarraingt ag roinnt phéintéirí ó Éirinn ar an gcoilíneacht, Nathaniel Hone (1831-1917) mar shampla a chaith an tréimhse ó c.1857 go c.1865 ann. Chaith Francis Joseph O'Meara (1853-88) ó Cheatharlach aon bhliain déag dá shaol gairid sa Fhrainc mar bhall den choilíneacht. Chaith Sir Egerton Bushe Coghill, (1853-1921) ó Chorcaí agus duine de bhunaitheoirí an New English Art Club cuid de na blianta 1883 agus 1884 ann.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint