about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Barralet, John James

click to view fullsize



John James Barralet (c. 1747-1814)

Péintéir agus greanadóir a rinne a lán dá phictiúir in uiscedhath.

Rugadh John James de theaghlach ar de bhunadh Ugóineach iad. Oileadh é i scoileanna an Dublin Society agus bhain sé duais sa bhliain 1764 as a iarrachtaí ansin. Bhí James Mannin (? -1779) a ceapadh ina oide ar an Scoil Tírdhreacha agus Oirnéaladh sa bhliain 1756 ina oide aige ansin. Rinne John James radharcanna in uiscedhath agus i ndúch cudail de bhailte agus den tuath ina mbíonn fíortha beoga de dhaoine.

D’imigh sé anonn go Londain roimh an bhliain 1770. Ghlac sé ballraíocht san London Society of Artists thall agus bhí páirteach ina dtaispeántais. Bhí scoil ealaíne dá chuid féin aige thall idir na blianta 1770 agus 1779. Is é William Frederick Wells (1762-1836) péintéir in uiscedhath, greanadóir agus bunaitheoir an Society of Painters in Watercolours an dalta is fearr aithne dá chuid.

Tháinig John James anall go Baile Átha Cliath sa bhliain 1779. Bhí a sheanoide James Mannin tinn agus thóg sé a chúraimí anonn i scoil an Dublin Society. Dhéanadh John James líníochtaí agus uiscedhathanna do ghreanadóirí. Rinne sé camhchuairt ar Chontae Chill Mhanntáin agus Contae Loch Garman i dteannta Gabriel Beranger a bhí ar shliocht Ugóineach chomh maith sa bhliain 1780. Bhí coimisiún acu ón Hibernian Antiquarian Society seandachtaí na gcontaetha sin a thaifeadadh agus go bhfoilseodh an cumann a n-iarrachtaí mar imleabhar.

D’fhág John James Éire sa bhliain 1795 agus d’imigh go Philadelphia. Bhain sé áit dhearscnaitheach amach dó féin i stair na n-ealaíon thall i Meiriceá. Is é Radharc de chathair Philadelphia ón gCrann Leamhain i Kensington (1796) an chéad shaothar a thuill mórmheas dó. Rinne sé pictiúr adhmholta de George Washington ar nós Diagú George Washington. Bhí ráchairt ar a shaothar nuair a bhí siad clóite mar ghreanadóireachtaí. Rinne sé líníochtaí do ghreanadóirí chomh maith. Fuair sé bás thall i Philadelphia.

An Pictiúr: Meiriceá á threorú ag an Eagna, Greanadóireacht

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint