about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Barret Sinsearach, George

click to view fullsize

George Barret Sinsearach (1732-84)

Péintéir bisiúil tírdhreacha in oladhath agus in uiscedhath a rugadh i Saoirsí Bhaile Átha Cliath. Níl sé cinnte nach sa bhliain 1728 a rugadh é.

Táilliúr a bhí ina athar agus ba mar phrintíseach i ndéanamh coirséidí ban a thosaigh sé amach sa saol. Is cosúil nár lean sé den cheird seo nó fuair sé fostaíocht ag dathú clónna in oifig foilsitheora. D’éirigh sé as seo chun an phéintéireacht a fhoghlaim agus d’fhreastail ar Scoil Robert West a bhí ag feidhmiú faoi choimirce an Dublin Society. Bhain sé duais ansin sa bhliain 1747 as a iarrachtaí ar an scoil. Maireann saothair éagsúla uaidh ón mbliain sin amach.

Rinne sé dornán tírdhreacha do Joseph Leeson, Iarla Miltown sa tréimhse seo. Chomh maith leis sin rinne sé maisiúcháin ailtireachta ar Theach Russborough i gCo. Chill Mhanntáin.

Chleacht Barret stíleanna éagsúla le linn a ghníomhréime agus tá tionchar Rócócó na Fraince le sonrú ar a shaothar sa chéad tréimhse de. Tháinig athrú ar a stíl tar éis dornán de bhlianta lena phictiúir ag éirí níos drámatúla faoi thionchar smaointe Edmund Burke ar an Oirearc agus ar an bPictiúrthacht.

D’fhoilsigh Burke a thráchtas A Philosophical Enquiry into the Origins of our Ideas of the Sublime and the Beautiful sa bhliain 1757. Rinne Barret tírdhreacha sa stíl dhrámatúil seo sa cheantar thart ar Chathair Bhaile Átha Cliath agus Tuaisceart Chill Mhanntáin, Abhantrach an Deargail, agus thart ar eastáit mhóra Chúirt an Phaoraigh agus Castletown go mór mór agus maireann go leor eiseamláirí díobh. (Tá ceann de na pictiúir seo Eas Chúirt an Phaoraigh sa Ghailearaí Náisiúnta anois).

D’fhág Barret Éire sa bhliain 1763 chun cur faoi i Londain. Rinne sé roinnt tírdhreacha i dTuaisceart na Breataine Bige ar a bhealach agus thuill na pictiúir seo agus na cinn a rinne sé in Éirinn roimhe aghaidh phobail Shasana agus níos tábhachtaí dá ghníomhréim gnaoi uaisle Shasana. Mar bharr ar an áidh bhronn an Free Society of Artists duais leathchéad giné air as pictiúr a chroch sé i dtaispeántas dá gcuid.

Iarradh air sa bhlian 1768 bheith ar lucht bhunaithe an acadaimh nua, an Royal Academy.

Fuair sé coimisiún ó Dhiúc Portland chun deich bpictiúr dá eastát a dhéanamh agus coimisiún eile de sraith pictiúir do Diúc Buccleugh in Albain, pictiúir a mhaireann fós. Bhí ráchairt ar a shaothar i Sasana toisc go raibh sé ar an gcéad phéintéir ann chun teoiricí na hOirirce a chur i bhfeidhm ar a shaothar.

Thugadh Barret cuairteanna ar áiteanna fiáine i dTuaisceart na Breataine Bige, Westmorland agus Ceantar na Loch i gCumberland. Tá na pictiúir seo ar na saothair is fearr óna láimh agus tá an pictiúr Stoirm: Linn Llanberris i Sléibhte na Breataine Bige (1777) ina eiseamláir maith díobh.

Fearacht roinnt eile d’ealaíontóirí na Cinsealachta a linne bhí Barret frithir agus chaill a lán dá phátrúin dá dheasca ionas gur fógraíodh bancbhriste é sa bhliain 1780. Ghlan William Locke a fhiacha dó áfach agus thug coimisiún dó bheith ag obair ar Norbury Park. Mhaisigh sé seomra do Norbury le radharcanna as ceantar na Loch agus áiríodh seo mar a shárshaothair. Sheas a chara Edmund Burke leis chomh maith agus sa bhliain 1782 thug sé post dó mar Phéintéir Oifigiúl d’Ospidéal Ríoga Chelsea. Bhí Burke ina Phámháistir Ginearálta i Sasana ag an am.

Fuair George Barret bás sa bhliain 1784 sula raibh sé in ann aon obair a dhéanamh don Ospidéal agus cuireadh i Séipéal Paddington Green é.

Lean roinnt dá clann le ceird na péintéireachta ina dhiaidh cé nár bhain siad an cháil chéanna amach lena n-athair. George Barret Sóisearach (1767–1842) is clúití díobh agus rinne seisean speisialtacht de thírdhreacha topagrafacha fearacht a dheartháir James Barret (fl 1785–1819). B’údar é George chomh maith ar an tráchtas, The Theory and Practice of Water-color Painting (1840). Rinne a iníon Mary Barret (?–1836) speisialtacht de phéinteáil mionphictiúir.

An Pictiúr: Radharc d’Eas Chúirt an Phaoraigh. 1760

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint