about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Barry, James

click to view fullsize

James Barry (1741-1806)

Péintéir staire conspóideach agus aighneasaí thar cionn na hardealaíne a d’imir tionchar úimléideach ar an Stíl Nua-Chlasaiceach i Sasana d’ainneoin é a bheith ina Chaitliceach de bhunadh na hÉireann.

Captaen loinge a bhí ina athair agus rugadh i gCorcaigh é. Tuairiscítear go ndearna sé roinnt turasanna mara in éineacht lena athair ach nach raibh spéis aige sa mhairnéalacht mar shlí bheatha. Ina ionad sin chaith sé tréimhse i gCorcaigh ag staidéar na péintéireacht faoi John Butts. D’fhreastail sé ar Acadamh Robert West i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin sa bhliain 1763.

Phéinteáil sé an pictiúr Naomh Pádraig ag baisteadh Rí Chaisil sa bhliain chéanna 1763 agus cuireadh ar taispeáint é leis an Dublin Society. Bhí téama an phictiúir réabhlóideach ag an am nó bhí sé ar an chéad phictiúir a péinteáladh faoi réimeas Shasana a bhí bunaithe ar théama ó stair na hÉireann.

Ghnóthaigh Barry spéis Edmund Burke as seo agus rinne seisean pátrúnacht air. Thóg Burke chuig Londain é áit ar chuir sé aithne ar Joshua Reynolds (1723-1792) Uachtarán an Royal Academy ag an am agus ealaíontóirí mór le rá eile. Le cabhair ó Burke chaith Barry an tréimhse ón mbliain 1765 go dtí an bhliain 1771 ag staidéar san Iodáil. Bhí sé sa Róimh don chuid is mó den am seo cé gur thug sé cuairt ar Pháras i dtús an aistir. Thug sé cuairt ar an Veinéis chomh maith.

Glacadh le Barry sa tréimhse seo mar bhall den Accademia Clementina i gcathair Bologna ar dhroim a phictiúir Philoctetes ar Oileán Lemnos. Chuir James faoi i Londain arís sa bhliain 1771 agus é an-tugtha don ardealaín agus don phéintéireacht staire go sonrach. Bhí seo deacair dó nó bhí péintéail portráidí go mór faoi mheas i Sasana ag an am. Chuir sé a bheatha i dtír ag déanamh greanadóireachtaí sa tréimhse seo.

Rinneadh ball den Royal Academy de sa bhliain 1773 ar dhroim a phictiúr, Véineas ag Éirí Aníos as na Tonnta. Ceapadh ina ollamh péintéireachta é san acadamh sa bhliain 1782. D’fhoilsigh Barry leabhar sa bhliain 1775, An Inquiry into the Real and Imaginary Obstructions to the Acquisition of the Arts in England. Bhréagnaigh sé sa leabhar tuairimí an chriticeora Johann Joachim Winckelmann (1717-68) a mhaígh go raibh aerbhráid Shasana ina chonstaic d’fhorbairt na healaíne ann agus sheas sé an fód don phéintéireacht staire. Chaith Barry na blianta idir 1777 agus 1805 ag obair ar a shárshaothar Forás Saoithiúlacht an Duine. Sraith de sé mhúrphictiúir ollmhóra atá ann a rinne sé i seomra mór an Society for the Encouragement of Arts, Manufactures and Commerce (Society of Artists ina dhiaidh sin) san Adelphi i Londain. Pléann na pictiúir le forbairt na n-ealaíon óna mbunús sa Ghréig go dtína n-áit i Sasana a linne.

Rinne Barry an obair seo gan tuarastal agus deirtear gur mhair sé ar arán agus úlla amháin lena linn. Bhronn an cumann dhá chéad agus caoga gine agus bonn óir air tar éis a dhéanta. Ní dhearna James ach ceithre phictiúir idir na múphictiúir seo agus a bhás sa bhliain 1806. Cháin James polásaithe An Royal Academy agus córas traenála an acadaimh. Joshua Reynolds uachtarán an acadaimh agus baill éagsúla de. Cháin sé polasaithe Rialtas Shasana maidir lena choilíneachtaí i Meiriceá agus an chogadh neamhspleáchais a bhí ag dul ar aghaidh ann agus sochaí Shasana i gcoitinne.

Chomhairligh a chairde ar nós Edmund Burke dó bheith cúramach lena thuairimí ach ní raibh aon mhaith ann. Tá phortráid den Bhúrcach agus féinphortráid de James mar chuid dá phictiúr fáithchiallach Ulysses agus Polyphemus (1776) a léiríonn an Búrcach ag tabhairt comhairle a leasa do James.

Chuaigh cúrsaí in olcas don Bhúrcach agus druideadh amach as an acadamh é sa bhliain 1799, an t-aon ealaíontóir amháin go dtí seo ar tharla seo dó. Bhí sé beo bocht ina dhiaidh sin agus bhris a shláinte air sa bhliain 1803. D’éirigh le Sir Robert Peel agus Society of Artists míle punt a fháil chun pinsean a thabhairt dó sa bhliain 1805. Fuair sé bás sa bhliain dár gcionn sula bhfuair sé aon phingin de agus cuireadh in Ardeaglais Naomh Póil i Londain é.

An Pictiúr: Féinphortráid (1803)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint