about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Barry, William Gerard

click to view fullsize



William Gerard Barry (1864-1941)

Péintéir plein-air a rinne a lán taistil ar an gcoigrích, cuid de ag obair le ceirdeanna eile seachas an phéintéireacht ionas nach bhfuil mórán dá shaothair ar eolas anois nó nach maireann. Ba sna Stáit Aontaithe nó sa Fhrainc a chaith sé bunús a ghníomhréime mar phéintéir.

Rugadh William Gerard Barry i mBaile Mhic Ádaim, Carraig Tuathail, Co. Chorcaí agus giústís a bhí ina athair. D’fhreastail William ar an Scoil Ealaíne i gCorcaigh sa bhliain 1881. Thug Henry Jones Thaddeus (1860-1929) a bhí ina phortráidí faiseanta idirnáisiúnta ag an am roinnt teagaisc dó sa bhliain 1883. Chomhairligh seisean dó chomh maith imeacht chuig Páras agus tamaillín staidéir a dhéanamh ansin, rud a rinne sé ar ball.

Chaith William tamall ag staidéir i Londain i dtosach sular chláraigh sé san Académie Julian i bPáras. D’aistrigh sé sa bhliain 1887 agus rinne cónaí sa choilíneacht ealaíne a bhí in Étaples. Péintéirí ó SAM is bhí a bhí sa choilíneacht ach bhí ionadaíocht mhaith ann ó thíortha uile an Bhéarla. Baile beag iascaireachta a bhí in Étaples, atá suite beagán ó dheas de Boulogne i dTuaisceart na Fraince. Bhí Frank O’Meara (1853-88) sa choilíneacht ag an tráth céanna leis.

Pictiúir plein-air agus portráidí is mó a chleacht William Gerard. Phéinteáil sé an pictiúr Teitheann an t-Am (1887, Crawford Galley, Corcaigh) in Étaples. Sheol sé an pictiúr breá seo chuig taispeántas an Royal Dublin Society i mBaile Átha Cliath agus bhuaigh seo Duais Taylor dó arbh fhiú triocha punt Sasanacha é ag an am.

D’fhill William ar Éirinn sa bhliain 1888. Ní dheachaidh cúrsaí ró-mhaith dó. D’éirigh idir eisean agus a athair agus bhailigh William leis go Ceanada le teann stailce. D’oibrigh sé mar mhairnéalach ar an long anonn chun an turas a dhéanamh. Thaistil sé Ceanada agus na Stáit Aontaithe ag tuilleamh airgid as pé chineál oibre a bhí le fáil aige. Chaith sé seal ag obair mar bhuachailleacht bó mar shampla. D’éirigh leis tosú arís ar an bportráidíocht ar ball. D’éirigh go maith leis de réir a chéile agus síltear go ndearna sé portráid an Uachtaráin Wilson a phéinteáil agus go raibh seo ar crochadh sa Teach Bán, cé go bhfuil an phortráid ar iarraidh anois.

Thug sé a aghaidh ar an bhFrainc ar ball agus thóg stiúideo ar cíos ar an Riviera agus leis leis na seánraí céanna a bhí á chleachtadh aige i Meiriceá. D’fhan sé sa Fhrainc nuair a bhris an Dara Chogadh Domhanda amach agus in aois a sé bhliana déag agus trí scór dó d’aistrigh sé chuig sráidbhaile St. Jean-de-Luz. Phléasc buama gar dá theach ansin agus fuair sé bás dá ghortaithe ansin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint