about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Barton, Rose

click to view fullsize



Rose Maynard Barton, (1856-1929)

Péintéir in oladhathanna agus in uiscedhathanna agus maisitheoir ach a shamhlaítear le cathairdhreacha de Bhaile Átha Cliath agus de Londain in uiscedhath sa chuid is mó.

Dlíodóir rathúil a bhí ina hathair agus rugadh Rose Mary ar Bhaile an Róistigh, Co. Tiobrad Árann. Bhí an t-údar agus péintéir Edith Somerville (1858-1949) ina colceathrar aici. Tugadh scolaíocht phríobháideach ar Rose. Ghlac sí páirt i dtaispeántas an Water Colour Society sa bhliain 1872.

Cuireadh tuilleadh oiliúna sna healaíona uirthi i gcathair na Bruiséile nuair a chaith sí tréimhse ann i gcuideachta a mháthar agus a dheirfiúr sa bhliain 1875 tar éis bhás a hathar. Chloígh Rose leis an bpéintéireacht agus d’imigh go lánaimseartha léi de réir a chéile.

Thaispeáin sí leis an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1878 de chéad uair agus bhí sí ar choiste an Irish Fine Art Society. Ba mhór ag Rose agus ag Mildred Anne Butler (1858-1941) a chéile agus snadhmadh caradas buan eatarthu. D’imigh an bheirt acu chun na Fraince le chéile agus rinne staidéar faoi mhaoirseacht Henri Gervex (1852-1929). Rinne an bheirt an rud céanna arís faoi mhaoirseacht Paul Jacob Naftel (1817-91) i Sasana.

Chaith Rose leath a cuid ama feasta i Sasana agus an leath eile in Éirinn, Baile Átha Cliath go mór mór. Bhí taispeántas aici leis an Dudley Gallery i Londain sa bhliain 1880 agus thaispeáin sí leis an Royal Academy, an Society of Women Artists agus an Royal Watercolour Society i Sasana ar ball.

Cé go ndearna sí gach cineál pictiúir bhí luí ar leith aici cathairdhreacha, in atmasféar ceomhar go mór mór. Toghadh mar bhall den Royal Watercolour Society í sa bhliain 1911. Bhí baint aici le foilseacháin chomh maith. Baineadh feidhm as a saothar mar mhaisiúcháin sa leabhar Picturesque Dublin Old and New le Francis Gerard (Londain, 1898) agus scríobh sí an leabhar agus rinne na maisiúcháin i Familiar London (1904).

Fuair sí bás thall in Berkshire Sasana. Tá roinnt dá saothar i mbailiúchán an Ghailearaí Náisiúnta.

An Pictiúr: Seaneaglais Chelsea (1897), Rose Barton, Uiscedhath

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint