about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Basalt

click to view fullsize

Cloch bholcánach chrua throm dhorcha (dubh de ghnáth) a raibh ráchairt air chun dealbha a dhéanamh sa tSean-Éigipt agus sa Sean-Ghar-Oirthear. Bhain cultúir réamhcholambasacha Mheiriceá feidhm as basalt chun deilbh ar nós an cloigeann ollmhór (1.8 m ar airde) ó S. Lorenzo, Tenochtitlán i Meicsiceo a bhain le cultúr na nOilmeic ón tréimhse roimh 400 R.Ch. Is de bhasalt Clochán an Aifir i gContae Aontroma. Tugtar basalt nó gréithe basailt ar earraí cruachré a mbíonn dath dubh curtha tríd an gcré acu.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint