about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bateau-Lavoir

click to view fullsize

An t-ainm a bhí ar bhloc d’fhoirgnimh a bhí suite ar arda Montmartre i bPáras ar stráice talúin ar a nglaotar Place Emile-Goudeau inniu. Áitreabh don lucht oibre a bhí ann i dtosach sular bhog na healaíontóirí isteach ann agus rinne stiúideonna de.

Bhí Kees van Dongen (1877-1968) ina chónaí ann sa bhliain 1900 agus lean Pablo Picasso (1881-1973) é go gairid ina dhiaidh sin, chuir sé bailchríoch ar Les Demoiselles d’Avignon (1907) ann an chéad phictiúr de chuid an chiúbachais. Tháinig a lán ealaíontóirí chun cónaithe ann agus chuir siad fúthu i measc lucht oibre na háite. Bhí péintéirí ar nós Pierre MacOrlan (?1882-?1970), André Salmon (1881-1969), Max Jacob (1876–1944), Juan Gris (1887-1927), Pablo Emilio Gargallo (1881-1934) agus Pierre Reverdy (1889-1960) ina measc agus an file Guillaume Apollinaire (1880-1918).

I measc na ndaoine a thaithíodh an Bateau-Lavoir bhí na péintéirí Henri Matisse (1869-1954), Georges Braque (1882-1963), André Dérain (1880-1954), Marie Laurencin (1885-1945), Amedeo Modigliani (1884-1920) agus na dealbhóirí Henri Laurens (1885-1954) agus Jacques Lipchitz (1891-1973). D’eascair an Ciúbachas as an bplé a tharla eatarthu ann. Ní raibh aitheantas ag na healaíontóirí seo nuair a bhog siad isteach san áit ach nuair a thosaigh siad ag dul chun cinn sa saol d’imigh siad anonn chun Montparnasse, ceantar níosgradamúla. Tháinig an choilíneacht ealaíontóirí in Bateau-Lavoir chun deiridh ag tús an Chéad Chogadh Domhanda.

Catagóir: Stair Ghinearálta na nEalaíon

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint