about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Batignolles, Le Groupe des

click to view fullsize



Le Groupe des Batignolles

An chéad ainm riamh a tugadh ar na péintéirí a bhain leis an Impriseanachas. Mhair an t-ainm orthu ó 1869 go dtí timpeall ar 1875. Ba ghnáthach leo le café Guerbois, 2, grande-rue des Batignolles i bPáras a thaithiú sa tréimhse sin agus b’in údar an ainm. Ar an 17ú Eanáir 1874 d’fhoilsigh Claude Monet fórógra na buíne agus thug sé an Société Anomyme coopérative d’artistes-peintres, sculpteurs, graveurs et lithographes orthu ansin. Cheap an criticeoir Louis Leroy an t-ainm Impriseanaithe dóibh as an saothar Impression : soleil levant ó láimh Monet, tar éis an taispeántais a thosaigh ar an 15ú Aibreáin 1875.

Catagóir: Stair Ghinearálta na nEalaíon

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint