about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Baubo

click to view fullsize

Rinneadh fíortha sa tréimhse chlasaiceach de mhná ag nochtadh a mbaill ghiniúna, fíortha a bhí anchosúil leis an Síle na gCíoch. Is cosúil go raibh feidhm torthúlachta leo. Ainmnítear na fíortha seo ó Baubo seanbhean a luaitear i scéal i dtaca leis an mbandia Demeter sa mhiotaseolaíocht Gréigeach.

Seanbhean de chuid Elusis a bhí i mBaubo. Bhí Demeter ag fánaíocht ar fud na Gréige ag lorg Persephone a hiníon a bhí fuadaithe ag Hades agus san fhodhomhain ag an am. Bhí cumha ar Deiméitear a bhí ina bhandia ar an bhfásra agus ní raibh na barraí ag fás. Bhí gorta ag bagairt an domhain ar fad. Tháinig Deiméitear chuig Elusis agus chuig teach Baubo agus í traochta agus ocras agus tart uirthi. Chuir Baubo fáilte roimh Deiméitear agus thairg bia agus deoch di. Bhí Deiméitear in ísle brí leis an gcumha agus níorbh fhéidir léi glacadh leo. Thosaigh Baubo ag insint scéalta gáirsiúla grinn di. D’ardaigh sí a sciorta ansin agus nocht a baill ghininúna di. Rinneadh an bandia meangadh agus thosaigh na barraí ag fás arís.

Catagóir: Ealaín Chlasaiceach

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint