about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Bauhaus

click to view fullsize

Staatliche Bauhaus Weimar

An scoil foirgneoireachta, dearaidh agus ealaíne is cinniúnaí de chuid an fhichiú céad agus ar bheo dá tionchar fós.

Bhunaigh an t-ailtire Walter Gropius (1883-1969) an Staatliche Bauhaus Weimar (Ciallaíonn Bau foirgneamh sa Ghearmáinis) i Weimar na Gearmáine i 1919 agus sin an fáth a dtugtar Weimarer Schule, Scoil Weimar maille le Scoil an Bauhaus ar lucht cleachta na stíle a forbraíodh ann.

Bhí dhá scoil ann roimhe, scoil cheardaíochta agus scoil ealaíne agus chóimeáil sé iad chun a scoil nua a bhunú. D’ainneoin sin ní raibh an scoil lonnaithe i Weimar an t-am ar fad. Athlonnaíodh í in Dessau i mbliain a 1925 tar éis athrú i rialtas Weimar agus arís in Berlin i 1932.

D’fhan Gropius mar stiúrthóir ar an scoil go dtí 1928. Hannes Meyer (1889-1954) a bhí mar stiúrthóir ansin idir 1928 agus 1930, nuair a thóg Ludwig Mies van der Rohe (1886-1969) an scoil anonn.

Bhí sé mar chuspóir ag Gropius i mbunú an Bauhaus na healaíona, na ceardanna, an tionsclaíocht agus taithí phraicticiúil ar ábhair éagsúla, nua-ábhair tionsclaíocha go mór mór a thabhairt le chéile. Glacadh go fonnmhar leis an meaisín-aeistéitic agus cuireadh barr feabhais air.

Bhí tionchar na scoile cinniúnach ní hamháin i réimsí na hailtireachta agus an dearaidh ach sna míndána chomh maith.

Bhí ealaíontóirí tionscantacha a raibh baint acu le Eispriseanachas na Gearmáine bainteach leis an scoil, ealaíontóirí ar nós Lyonel Feininger (1871-1956), Johannes Itten (1888-1967), Vasilii Kandinsky (1866-1944), Paul Klee (1879-1940), Georg Muche (1895-1987) agus Oskar Schlemmer (1888-1943).

Chuir siad oideolaíocht ealaíne úr le chéile a chleachtaítear in a lán scoileanna ealaíne agus dearaidh fós. Bhí ar gach dalta sa scoil an cúrsa seo an Vorkurs, an réamhchúrsa a dhéanamh, cúrsa a bhí ann a phléigh le buneilimintí an dearaidh agus na healaíne araon.

Is í Stella Steyn (1907-87) ealaíontóir de bhunadh Giúdach a rugadh i mBaile Átha Cliath an t-aon duine a rugadh sa tír seo a rinne staidéar sa Bauhaus nó sin a chreidtear go forleathan ar aon nós. D’imigh sí ann i 1931 agus chaith bliain ann. Bhí sí ann chun bheith ag obair faoi Vasilii Kandinsky ach níor fheil a mhodh teagaisc di agus lean sí ar aghaidh ag obair faoina stuaim féin ann.

Oileadh idir ailtirí, ealaíontóirí agus dhearthóirí tionsclaíochta sa Bauhaus.

Dhún Hitler (1889-1945) an Bauhaus i 1933 ach aistríodh agus athosclaíodh arís i Chicago SAM í i 1937 faoi mhaoirseacht László Moholy-Nagy (1895-1946). D’imigh a lán de mhuintir an Bauhaus ar a dteitheadh chuig SAM. Tugtar Nua-Bauhaus air ansin uaireanta. Aistríodh cartlann an Bauhaus go Berlin i 1972.

Pictiúr : Grianghraf den Bauhaus in Dessau a dhear Walter Gropius féin.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint