about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Beach

click to view fullsize

Samhailchomhartha uilechoiteann í an bheach (nó silleán mar a thugtar uirthi in áiteanna sa tír) a sheasann don díbhirceacht, treallús, geanmnaíocht agus tíos. Chomh díbhirceach le beach mar a deir an seanfhocal. Bíonn bríonna breise eile leis i gcultúir éagsúla. Samhlaítear saithí beach agus coirceog beach le Muire mar shamhailchomhartha Críostaí mar shampla. Ní raibh a fhios anallód conas a gineadh na beacha agus samhlaíodh iad leis an ngeanmnaíocht dá bhrí sin.

Seasann siad don dea-ord chomh maith cionn go maireann siad i saithí. Toisc go ngeimhríonn beacha agus go ndúisíonn siad san earrach seasann siad don aiséirí chomh maith.

Is í an bheach an samhailchomartha is sin de fhlaitheas na Fraince agus téann sí siar chomh fada le Childeric I a bhunaigh rítheaghlach na Merovingeach sa bhliain 457 A.D.

An Pictiúr: Beach Araltach

Catagóir: Stair Ghinearálta na nEalaíon

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint