about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Beaufort, William Louis

click to view fullsize



An tUrr. William Louis Beaufort (1771–1849)

Péintéir amaitéarach tírdhreacha le gnéithe ailtireachta chun tosaigh iontu go minic. Chuir sé a shaothar i gcrích in uiscedhath agus i bpeann agus dúch.

Rugadh William i gContae na Mí, áit a raibh a athair in reachtaire de chuid Eaglais na hÉireann ar an Uaimh idir na blianta 1765 agus 1818. Teifeach ón bhFrainc a bhí ina sheanathair. Cartagrafaí agus údar an leabhair A Map of Ireland (1792) a bhí ina athair Daniel Augustus Beaufort. Bhí an Sir Francis Beaufort (1774-1857) an hidreolaí agus údar an Scála Beaufort ina dheartháir aige.

Bhí spéis ag William óg sa líniú agus sa phéinteáil. Nuair a bhí sé i mBristol Shasana fuair sé oiliúint ó Nicholas Pocock agus Miss Simmonds sa bhliain 1782. Ar ais i mBaile Átha Cliath fuair sé roinnt teagaisc eile ó James George O'Brien,

Ceapadh Wiliam in Chanónach idir na blianta 1814 agus 1849 ar Ráth Chuanna i gContae Chorcaí agus ina dhiaidh sin. Bhí sé ina reachtaire ar Ghleann Maighir chomh maith agus fuair bás ansin.

Cailleadh a lán dá shaothar le himeacht na mblianta ach maireann radharcanna ó Chontae na Mí, Contae Lú, Contae an Dúin, Contae Chill Mhanntáin, Contae Luimní agus Contae Chorcaí. Tá ráchairt ar shaothar William anois.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint