about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Beechey, Richard Brydges

click to view fullsize



Richard Brydges Beechey (1808-1895)

Péintéir tréitheach muirdhreacha go mór mór ach corrphortráid agus pictiúr staire chomh maith.

Rugadh Richard Brydges Beechey i Londain agus péintéir portráidí mór le rá a bhí ina athair William Beechey (1753–1839) agus i ndeartháir a athar George Beechey. Richard Brydges Beechey Rinne Richard seirbhís i gcabhlach Shasana idir na blianta 1821 agus 1835, áit ar bhain sé rang Captaen amach. Oileadh é sa phéintéireacht i gcoláiste an chabhlaigh ar a laghad cé go meastar go bhfuair sé oiliúint óna athair chomh maith.

Bhí a phictiúir á taispeáint aige sa Royal Academy ón mbliain 1832 go dtí an bhliain 1877. Thaispeáin sé leis an British Institution chomh maith sa tréimhse ón mbliain 1833 go dtí an bhliain 1859.

Thaistil sé an domhan ina ghníomhréim mar oifigeach cabhlaigh. B’éigean dó éirí as seirhís ghníomhach sa chabhlach de dheasca deacrachtaí lena shláinte. Tugadh post dó in Éirinn mar shuirbhéir ag cóiriú cairteanna mara agus cuanta ar son Aimiréalacht Shasana agus tháinig sé chun cónaithe abhus sa bhliain 1835. Bhain sé rang Commander amach san obair seo agus d’fhan sé sa phost go dtí an bhliain 1857.

Bhí Richard ag péinteáil muirdhreacha an fhaid agus a bhí sé in Éirinn agus aithnítear go raibh bua ar leith ann chun éifeachtaí agus coinníolacha éagsúla farraige a chur i bpéint. Radharcanna de fharraigí agus de chósta thiar na tíre a bhí iontu agus thaispeáin sé iad leis an Royal Hibernian Academy. Bíonn meas péintéir cumasach air ach péintéir nár bhain aon chasadh as an seánra ina raibh sé ag obair.

Bhí teach aige i mBaile na Manach i gCo. Bhaile Átha Cliath nuair a bhí sé ar an bpinsean in Éirinn. D’fhan sé ina chónaí in Éirinn go dtí an bhliain 1876 nuair a bhog sé go Sasana chun cur faoi i Plymouth. Ceapadh ina aimiréal é sa bhliain 1885. Péintéir a bhí ina dheartháireacha Frederick William Beechey (1796-1856) agus George Duncan Beechey (1798-1852) chomh maith.

Tá pictiúr amháin de chuid Richard An Bád Poist, Connaught sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint