about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Beinin

click to view fullsize

Ealaíona agus Sibhialtacht Ríocht Beinin

Cathair agus ríocht laochúil in Iarthar na Nigéire san Afraic atá i Beinin a bhí in airde a réime sa tréimhse ón chúigiú céad déag A.D. go dtí an seachtú céad déag A.D.

Is scéal le hinsint é an dóigh a chéadchuir an domhan mór aithne ar a gcuid ealaíona. Bhí na Portaingéiligh ar na chéad Eorpaigh chun aithne a chur ar an ríocht ag deireadh an chúigiú chéad déag ach druideadh an ríocht d’Eorpaigh de dheasca Thrádáil na Sclábhaíochta.

Chinn coimisinéir de chuid na Breataine cuairt a thabhairt ar Bheinin in 1897 i neamhchead dá muintir agus maraíodh eisean agus os cionn dhá chéad duine a bhí ar a bhuíon. D’eagraigh fórsaí na Breataine feachtas pionóis i ndíol seo agus daichead a sé lá tar éis mharú na buíne scriosadh príomhchathair Beinin.

Fuarthas amach ansin go raibh muintir Bheinin chomh tugtha d’íobairtí daonna agus a bhí na hAstacaigh. Fuarthas i gceann de na stórais taisce mór de shaothair ealaíne a bhí ansin le cian d’aimsir. Sárshaothair a bhí iontu agus tugadh chun na hEorpa iad. Bhí drogall ar dhaoine a admháil go bhféadfadh daoine gorma sárshaothair mar iad a chruthú, gan chabhair ón taobh amuigh go mór mór. Tugadh míle déantán chun na Gearmáine agus cúig chéad chuig Sasana.

Is éard a fuarthas i Beinin ná ealaín chúirte den chéad scoth. Cuimsíonn an ealaín seo dealbha nádúraíocha cré-umha sa lántimpeall agus i rilíf a teilgeadh trí phróiseas an chéir chaillte. Bhí feidhm leo is cosúil mar mhaisiúcháin ar pháláis ríoga. Tá ina measc saothair in eabhar agus i gcré bhruite chomh maith. Tugtar taitneamh faoi leith do na cloigne idéalaithe sa lántimpeall agus d’fhíoracha de dhaoine agus d’ainmhithe.

Tá bunús agus forbairt na healaíne ansin doiléir faoi láthair ach aithnítear tionchar ealaíne Ríocht Ífe uirthi.

Pictiúr : Beinín an Nigéir portráid de Mháthair na Banríona, 16ú céad, Musaem na Breataine. Londain.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint